Fáilte romhaibh go suíomh idirlín Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh.

Is bunscoil lán-Ghaelach, chomh-oideachasúil Chaitliceach sinn agus é mar aidhm againn oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge a thabhairt do chailíní agus do bhuachaillí bunscoile. Táimid díograsach i leith forbairt iomlán an pháiste agus déanaimid an cultúir Ghaelach agus Oidhreacht na hÉireann- teanga, ceol, spórt agus rince a chothú agus a chur chun cinn agus a chéilliúradh sa scoil an t-am ar fad.

Bunaíodh Scoil Uí Dhálaigh i 1979 agus ó shin i leith tá Bord Bainistíochta, Coiste Cairde na scoile, an fhoireann teagaisc agus tuismitheoirí ag obair as lámha a chéile chun na deiseanna foghlama is fearr i suíomh taitneamhach, sábhálta, spraoiúil a chur ar fáil do pháistí na scoile. Táimíd an-bhródúil as an méid atá bainte amach againn le chéile thar na mblianta. Táimíd fíor- bhuíoch do gach duine bainteach leis an scoil agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an suíomh nua seo.

Nuacht agus Imeachtaí