40 Bliain Faoi Bhláth

Táimid ag ceilliuradh i mbliana agus bhí tionóil álainn againn ar an 3 Meán Fómhair. Bhuail príomhoide na scoile agus iarphríomhoide na scoile- Deirdre Ní Dhuillearga clog na maidine. Bhíomar an-bhródúil inár dt-leinte nua. Ar bharr sin – bhí Aifreann álainn againn ar an Mhairt, 17 Meán Fómhair agus bhí sé go hálainn cuairteoirí a fheiceáil a bhí lárnach i mbunú na scoile i 1979.

Iarraimid ar iar-dhaltai agus ar iar-bhaill den chomhphobal scoile ar a bhfuil cónaí orthu thar lear- cárta poist a sheoladh chugainn. Tá sé i gceist againn na cártaí uilig a thaispeáint d’ár ndaltaí chun tuiscint a fháil ar thionchar idirnáisiúnta na scoile i 2019! Seolaigí chugainn na cártaí!