Aimsir na Seachtaine!

Agus an aimsir ag dul in olcas iarraimid oraibh súil ghéar a choinneál ar aon rphost  ón scoil agus ar an suíomh idirlín scoile freisin. Déanfar gach iarracht an scoil a choinneáil oscailte ach iarraimid oraibh na pointí thíosluaite a léamh agus a leanúint:-

  • Cinntigh go bhfuil na páistí gléasta i gceart ag teacht ar scoil-cóta- lámhainní-scairf agus hata orthu.
  • Bígí cúramach ag siúl ar thalamh na scoile- fanaigí ar na cosáin.
  • Leanaigí treoracha an fheighlí Matt agus foireann na scoile.
  • Bígí aireach ar na coinníollacha fógraithe ar na meáin cumarsáide.

Beidh Bord Bainistíocht na scoile i gcomhairle go minic lena chéile agus le scoileanna mór-thimpeall orainn chun an cinneadh is fearr a thógáil.