Am Scoile

Am Scoile

Clár Ama

Tarlaíonn Am
Am Tosaithe 08:50
Am Sosa 10:50 go 11:00
Am Lóin 12:30 go 12.50
Am Dul Abhaile (Naíonáin) 13.30
Am Dul Abhaile (Rang 1 go 6) 14.30

  1. Tá sé fíorthábhachtach a bheith poncúil i gcónaí. Is féidir stró gan gá a sheachaint, má chinntítear go sroicheann na páistí an scoil in am agus go mbailítear láithreach iad ag deireadh an lae scoile.
  2. Má bhíonn páiste as Rang 1 – 6 mall ar scoil bíonn uirthi/air dul chun na h-oifige chun nóta déanach a fháil. Cuirfidh an príomhoide in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí i bhfoirm scríbhinn má tá an páiste mall go minic.
  3. Níl an Bord Bainistíochta freagrach as páistí a thagann ar scoil roimh 08.40 nó a fhanann siar tar éis 14.30.