An Dátheangachas

An Bord

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile agus tá sí féin agus an Béarla ina n-orlaí trí shaol na hÉireann uile. Fiú amháin sna háiteanna nach bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga tá sí le sonrú i sloinnte na ndaoine agus sna logainmeacha-aimneacha na mbailte móra, na n-aibhneacha, na sléibhte agus na lochanna.

Is minic rian na Gaeilge le haithint ar Bhéarla labhartha na hÉireann sna nathanna agus i ndul na cainte.

Múintear an Ghaeilge ní hamháin mar ábhar scoile ach mar theanga bheo chumarsáide. Gné shuntasach d’oideachas na tíre seo ná go bhfoghlaimíonn páistí bunscoile dhá theanga ó thús na scolaíochta. Beidh tacaíocht na sochaí agus phobal uile na scoile ag teastáil má tá na páistí chun an éagsúlacht urlabhra atá sa tír seo a chaomhnú.

Cabhraíonn an dátheangachas le forbairt chognaíoch agus shóisialta an pháiste. Cuirtear ar a c(h)umas dearcadh breise a bheith aige/aici ar an saol. Cuirtear ar a c(h)umas dul i ngleic le dhá chóras foclóra, dhá chóras gramadaí agus dhá chóras fuaime. Cabhraíonn sé sin leis an bpáiste teacht ar thuiscint dhifriúil ar an saol, mar shampla le smaoineamh dibhéirseach, le forbairt coincheapa agus le foghlaim teangacha eile ar ball.

Déantar gach iarracht bród agus meas a chothu dár dteanga i measc na bpáistí trín iad a spreagadh, a ghríosú agus a mholadh chun an Ghaeilge a labhairt. Labhartar í i dtimpeallacht na scoile, sa seomra ranga, sa chlós, ag dul abhaile agus ag ócáid ar bith a bhaineann leis an scoil.

Mar gur roghnaigh sibhse na tuismitheoirí an scoil seo do bhur gcuid páistí glactar leis go ndéanfaidh gach teaghlach a dhícheall an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile, i dtimpeallacht na scoile, i gcomhluadar na bpáistí agus ag ócáidí scoile.