Ethos na Scoile

Pearsantacht iomlán an pháiste

Pearsantacht iomlán an pháiste a fhorbairt agus a threorú i dtreo an chirt agus na tuisceana an aidhm atá againn. Glactar go hómósach leis an leanbh mar atá sé; oiltear, múintear agus treoráitear é.

Cuirtear leas an pháiste aonair chun tosaigh i gcónaí agus is i gcuideachta a thuismitheoirí a thugaimid faoina oiliúint agus faoina oideachas. Dírítear ar na buanna atá ag an bpáiste a fhorbairt chomh fada agus is féidir.

Leagtar béim ar obair thairbheach, leanúnach. Tugtar faoi dhea-scileanna sóisialta, caighdeán ard móráltachta agus réimse leathan de scileanna acadúla, praiticiúla agus caithimh aimsire a mhúineadh dó. Agus sin uilig trí mhéan na Gaeilge.

Déantar iarracht cumas labhartha agus scríofa na teanga Gaeilge a thabhairt don pháiste go nádúrtha ionas go mbeidh sé ábalta é féin agus gach is spéis leis a chur in iúl go héifeachtach.

Dírítear ar na bunscileanna; tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh a thabhairt dó sa Bhéarla agus beospéis a mhúscailt agus meabhair a thabhairt dó ar bhunstruchtúr na matamaitice. Tá súil againn go n-éireoidh linn suim agus fiosracht a mhúscailt ann san eolas, deis a fhorbartha a thabhairt dó sa chorpoiliúint agus spéis agus suim a chothú ann sna healaíona éagsúla.

Is de réir churaclaim na bunscoileanna a dhéantar iarracht na h-aidhmeanna seo a bhaint amach ach tugtar tús áite don Ghaeilge i gcónaí agus de shíor.

Cuirtear gach gné den chultúr Gaelach, den chultúr Cheilteach agus de shainchultúr na hÉireann chun tosaigh mar lón aigne i measc na bpáistí-ceol, amhránaíocht, cluichí, litríocht, stair, geograif, eolaíocht stíl beatha, béaloideas agus an bhaint dheimhneach a bhí agus atá ag an tír seo le tíortha eile.

An cultúr mar oidhreacht bheo

Ni mar thaise neamhbheo ar chaomhnú, gan cur leis ná baint de, a shaothrófar an cultúr sin ach mar oidhreacht bheo go mbainimid féin tairbhe as agus go seolfaimid ar aghaidh chuig an chéad glúin eile agus rian ár ndearcadh féin air.

Tuigfidh páiste atá ag freastal ar an scoil go bhfuil sé ag fás suas in Éirinn seachas in aon áit eile. Cothófar tírghrá agus mórtas cine ann a thiocfaidh le saol an lae inniu. Blaisfidh sé de shaíocht na Gaeilge, feicfidh sé gur cuid den Athbheochan é féin, a scoil agus a theaghlach. Agus an féinmhuinín sin cothaithe ann beidh ar a chumas aghaidh a thabhairt ar an Eoraip agus teangacha agus scileanna eile a fhoghlaim go saoráideach fonnmhar.

De réir mar a fhásann a mheas air féin is ea a mhéadóidh ar a mheas agus ar a thuiscint ar dhaoine agus ar chiníocha eile – iad siúd san áireamh ag a bhfuil cúlra reiligiúnach, cultúrtha agus sóisialta éagsúil ar fad.