Saol Chearbhaill Uí Dhálaigh

Saol Chearbhaill Uí Dhálaigh

Ainmníodh an scoil i gcuimhne ar Chearbhall Ó Dálaigh Uachtarán na hÉireann, Breitheamh na Cúirte Eorpaí, Príomh-bhreitheamh na hÉireann, pátrún na n-ealaíon agus Gaeilgeoir dílis.

Eiseampláir é Cearbhall Ó Dálaigh dúinn ina fheabhas a chruthaigh sé ina ghairm; ina shuim sna healaíona, ina chultúr leathan Eorpach agus ina dhílseacht don Ghaeilge. Meabhraíonn an t-ainm dúinn freisin na filí den ainm is den sloinne sin a chaomhnaigh an léann dúchais anallód.

Rugadh é i mBrí Chualainn, Co. Chill Mhantáin ar an 12ú Feabhra 1911.

Oideachas

Cearbhall Ó Dálaigh

Scoil Náisiúnta i mBrí Chualainn
Scoil na Leanbh, An Rinn, Co. Phort Láirge
Scoil na mBráithre Críostaí, Sraid Synge
Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Céim sa léinn Cheilteach)
Kings Inn 1934 LLD (Hon Causa)
Ollscoil Bhaile Átha Cliath D.Lit Celt (Hon Causa)
D’fhoghlaim sé Gaeilge sa Rinn, ar an mBlascaod agus i nDún Chaoin
D’fhoghlaim sé Iodáilís i Universita per stranieri, Perugia

Postanna

1931-40 Eagarthóir Gaeilge Scéala Éireann (Irish Press)
1934 Glacadh leis mar abhcóide
1945 Glacadh leis i mBarra na Sinsear
1946-48/1951-53 Ina Ard Aighne
1953 Breitheamh na hArd Cúirte
1961-73 An Príomh-Bhreitheamh / Uachtarán na hArd Cúirte
1973-74 Breitheamh ar Chúirt an Chomhphobail Eorpaigh: Luxembourg
1974-76 Oirníodh é ina Uachtárán ar Éirinn

Caithimh Aimsire agus Suimeanna

Teangacha (go h-áirithe Gaeilge, Iodáilís agus Fraincis), ealáin, amharclann, marcaíocht capall, faire éan, mionlachtaí agus dídeanaithe agus an Dlí Idirnáisunta.

Ba mhór é cúnamh Chearbhaill Uí Dhálaigh do shaol na hÉireann mar Uachtarán, mar Phríomh Bhreitheamh, mar bhall den Chúirt Eorpaigh agus go mórmhór mar scoláire a thiomnaigh a shaol go dílis ar son na Gaeilge agus ar son cultúr na hÉireann. Ní bheidh a leithéid ann arís.

Cailleadh Cearbhall ar an 21ú Mártá 1978.