Roghnaigh Múinteoir Eibhlís foireann láidir chun páirt a ghlacadh sa Bhlitz Tras-Tíre Léim an Bhradáin Dé Máirt seo caite i Scoil Uí Dhalaigh. Bhí ceithre rás den scoth againn agus d’éirigh go geal linn ar fad. Bhí na boinn buaite go cothrom idir gach scoil a raibh páirteach- Scoil San Carlo, Scoil Mhuire, Scoil Eoin Phóil agus Scoil Bhríde agus sinn féin freisin. Throid na páistí go crógach i ngach rás agus bhí boinn aonaracha agus boinn foirne buaite go maith againn.
Nár laga Dia sibh a pháistí!