Brat Gníomhach 2018

Bhí an t-ádh linn ar maidin leis an aimsir deas te dúinn agus sinne ag árdú ár mBrat Gníomhach. Bhailigh comhphobal na scoile sa chlós ar maidin agus rinne daltaí i Ranganna 1 agus 5 an Haca dúinn! D’fhógair daltaí Ranganna 6 roinnt ard-phointí dúinn ón bhlian caite agus na tionscnaimh éagsúla a raibh i mbun againn.  Ar deireadh d’ardaigh Joanne Cantual, Dáithí Ó Slataire agus Pól Ó Duibhghiolla (imreoirí Chill Dara) ár mBrat dúinn agus bualadh bos mór faighte!

   Go raibh maith agaibh ar fad- lá álainn a bhí ann!