Pointí Eolais- 02/10/17-06/10/17

Pointí Tábhachtacha- 29/09/2017

  1. Beidh treanáil lúthchleasaíocht do bhuachaillí Rang 3-6 maidin Luain ag 8:30 agus ag na cailíní maidin Mháirt.
  2. Beidh cluichí ag ár bpeileadóirí mar a leanas- Buachaillí V Scoil San Carlo (Dé Máirt) ag fágáil na scoile ag 2:30in. Cailíní v Scoil San Carlo anseo sa scoil ag 2:30in (Déardaoin) Ní bheidh treanáil Dé Céadaoin.
  3. Tabharfaidh banaltra cuairt ar ranganna NA agus NB Dé Luain agus scrúdú súil i mbun aici leo.
  4. Ná déanaigí dearmad labhairt le Ciarán má tá suim agat do scileanna cheoil a roinnt linn ar an Déardaoin, Deireadh Fómhair 12! Tá liosta ag fás!
  5. Iarrtar ar thuismitheoirí na mbunranganna gan seasamh timpeall ar na doirse ar maidin ag 8:50rn. Tá brú ann agus na ranganna ar fad ag dul isteach le chéile. Iarrtar oraibh slán a rá ar an gclog agus spás a thabhairt dóibh ansin ag dul isteach.
  6. Beidh grianghrafadóir linn Dé hAoine ag tógáil grianghraf ranga ar son Cairde agus iad ag ullmhú Féilire Scoil Uí Dhálaigh 2018. Beidh deis ag comhphobal na scoil fógraí a chur isteach arís i mbliana agus sinne ag súil go mbeidh sé ar díol mí na Nollag.
  7. Beidh cruinniú deireannach Chairde Scoil Uí Dhalaigh ar siúl Dé Máirt ag 8:00in. roimh an CCB (17 Deireadh Fómhair)
  8. Beidh Ranganna Cheoil le hEoin ag tosú arís ón Luain, Deireadh Fómhair 9 do thosaitheoirí (Rang 1 ar aghaidh) ó 3:00in-4:00in. Beidh ranganna dóibh siúd sa bhanna cheoil Dé Máirt agus Dé Céadaoin go sealadach. Ní bheidh feidhlíocht ar fáil dóibh siúd sa bhanna agus moltar dóibh freastal ar an gclub obair bhaile don tréimhse 2:30-3:00in. ar phraghas laghdaithe nó a bheith bailithe agus tógtha ar ais ag 3:00in.