Tháinig buíon daoine le chéile sa bhliain 1979 agus mar aidhm acu Scoil Lán Ghaelach a bhunú i Léim an Bhradáin. Cuireadh an síol ag an am sin agus tháinig borradh agus fás ó shin i leith. Tá toradh na hoibre agus dian-shaothar na gceannródaithe á gceiliúradh againn i mbliana.
Léifear Aifreann ceiliúrtha i Séipéal Bhreith na Maighdine Muire, Léim an Bhradáin ag a 1 a chlog Dé Máirt 17 Meán Fómhair.
Ba mhór againn pobal na scoile ó 1979 a bheith linn idir thuismitheoirí, iar-dhaltaí, iar-mhúinteoirí, baill na mBord Bainistíochta agus baill na gCairde. Cuirfear sóláistí ar fail i ndiaidh an Aifrinn.