Éist le Mo Ghile Mear. Tá Ranganna 4 agus 5 ag obair go dian ag ullmhú do Cheolchoirm Réigiúnach Chill Dara de Chór Náisiúnta Na nÓg. Ná déan dearmad go mbeidh sé ar siúl sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht, Dé Céadaoin, 9 Aibreán ag 8:00in. Is féidir ticéid a ordú anois ar Aladdin – €20 do dhuine fásta agus €8 do pháistí bunscoile.