Guíonn pobal na scoile gach rath ar an dá Rang a Dó a rinne a gCéad Chomaoineach ar an 17/05/2025.
Bhí an ghrain ag scoilteadh na gcloch agus ní raibh scamaill le feiceáil sa spéir.
Buíochas mór do Chairde na Scoile a d’eagraigh fáilte álainn agus cóisir sa halla do na páistí, tuismitheoirí, caomhnóirí agus na cuairteoirí uilig.
Chan cóir na scoile go binn agus chuir siad go mór leis an seirbhís.


