HABEMUS PAPAM- An Pápa Leo XIV

Tá Pápa nua tofa ag cairdinéil na hEaglaise Caitlicí.
Deatach bán nó toit bhán ag séideadh san aer as an simléar agus cloig á mbualadh a chuir in iúl don slua a bhí bailithe go raibh cinneadh déanta agus go raibh comharba an Phápa Proinsias roghnaithe ag an gcoláiste cairdinéal.
Is é an Cairdinéal Robert Prevost atá 69 bliain d’aois an pápa nua, an chéad fhear as Stáit Aontaithe Mheiriceá a roghnaíodh mar cheannaire na hEaglaise Caitlicí.
An Pápa Leo a roghnaigh Prevost mar ainm.

Cúpla ceist
1. Habemus Papam – Cén teanga é sin?
2. Cen t-ainm a bhí ar an bPápa deireanach?