Bhí grúpa amhránaithe ó Scoil Uí Dhálaigh ag ceol sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 11/05/2025. Bhí paistí ann ar fud na tíre agus bhí oíche iontach ag gach duine idir óg agus aosta. 

Bhí Mary Kennedy ó Nationwide mar láithreoir ar an oíche, agus is cosúil go raibh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn i láthair oíche éigin. Chan Eimear Quinn leis an gcór agus chan sí ‘I am the Voice’ dár ndóigh.

Is deis spéisiálta agus luachmhar d’aon pháiste páirt a ghlacadh i gcór. 

Le linn an eispéiris seo chuir na páistí uilig lena scileanna foirne agus féin smacht, agus d’fhoghlaim siad amhráin a fhanfadh leo le tamall fada. 

Bail ó Dhia ar an obair.