Chaith Rang Aoibhinn, Caoimhe agus Neasa am i Intel mar chuid de Seachtain na Bithéagsúlachta. Labhair Éanna Ní Lamhna faoina leabhar nua a scríobh sí; ‘The Great Irish Biodiversity Book’.
Bhí scoileanna ann ón cheantar ar fad, agus nach orainn a bhí an t-ádh nuair a bronnadh an leabhar ar gach páiste agus múinteoir ar ár mbealach amach.
Tá an leabhar lán de eolais agus firicí a bhaineann leis an mBithéagsúlachta in Éirinn. Tá muid ag súil go mbeidh Rang Aoibhinn, Caoimhe agus Neasa ina saineolaíthe ar an mBithéagsúlacht roimh i bhfad.

