Lá mór scoile – 23/06/2025
Bhí boladh deas bia ar fud na scoile inniu nuair a thosaigh ár gcuid daltaí ar an tionscnamh béilí te. Bhí an scéim seo fógraithe i mBuiséad 2025 agus tá sé á eagrú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Cinntigí na boscaí a ghlanadh agus a sheoladh ar scoil folamh gach lá le bhur dtoil.
Aischothú na bpáistí
“Bhí an curaí sin blasta agus folláin”. Brayden R5
“Bhí mo bhéile an-deas agus blasta. Bhí sé te nuair a fuair mé é”. Jack R5
“Folláin agus blasta”. Emma R4
“Bhí an bia díreach cosúil le béile i mbialann”. Emily Rose R4
“Bhí mo bhéile an-bhlasta”.
“D’ith mé mo bhéile te ar fad”. R2
“Ta mé ag súil le mo mhála Taco amárach”. Conall R3
“Is maith liom mo bhosca lón nua”. Diarmuid Naíonáin Shoisearacha




