Bhí slua mór bailithe i bpáirc na scoile do Lá Spóirt 2025. Bhí an t-adh dearg linn leis an aimsir; bhí an ghrain ag scoilteadh na gcloch agus bhí uachtar gréine ag teastáil.

Ghlac páistí na scoile páirt sna rasaí ar fad. Bhí rás speisialta ag Rang a Sé don lá spóirt deireanach i Scoil Uí Dhálaigh – an rás trí chos. Rith páistí, léim páistí, thit páistí agus bhain páistí taitneamh as an lá. 

Buíochas mhór do Rang a Sé na bliana seo caite a chuidigh go mór linn. Tháinig ochtar gcloigeann déag ar ais ar shuíomh na scoile agus chuir siad go mór leis an lá. 

Bronnadh bonn speisialta ar dhuine do na buachaillí a chuidigh le buachaill a thit sa rás. Tugaimid aitheantas don chineáltas seo i gcónaí. 

Rinne Múinteoirí Laura agus Paula obair na gcapall do Lá Spóirt 2025.