Bhí go leor ar siúl ag na ranganna ar fad sa scoil le linn na seachtaine. Thaitin an siúlóid scoile Dé Céadaoin go mór le pobal na scoile. Tugadh ár dtimpeallacht faoi deara agus muid ag siúl sa cheantar. Chuala cúpla páiste an spideog agus an colúr coille ag canadh go binn agus chonaic siad na bachlóga ag fás ar na crainn.
Chuir na páistí sna ranganna síolta agus bhí Dúlra (Eagraíocht lonnaithe i gCill Dara a chuireann gníomhaíochtaí foraoise lasmuigh ar fáil do scoileanna) ag obair le Ranganna Naíonáin Mhóra agus Rang 2 sa pháirc. Chuaigh Rang 3 amach ar na sraideanna ag bailiú bruscair. Maith sibh, Rang 3.
Bhí innealtoirí ó Intel sa scoil ag caint faoin timpeallacht agus an tábhtacht a bhaineann le hinnealtóirí ar fud na cruinne.
Thóg na paistí droichead i ngrúpaí agus bhí an-bhéim ar chomhoibriú agus smaointe a roinnt.
Ta neart ar siúl inár dtimpeallacht i Scoil Uí Dhálaigh agus Léim an Bhradain dár ndóigh.

