Polathollán Mhancháin

Tá an tEarrach buailte linn agus tá an-obair ar siúl againn sa pholathollán. Tá síolta agus bleibíní curtha. Is áis iontach é d’ár bpáistí foghlaim faoi cad as a dtagann ár mbia agus conas maireachtáil ar bhealach inbhuanaithe.

Tá sé ar intinn againn ár bpolathollán a ainmniú in ómós do Mhanchán Magan, a raibh spéis ar leith aige i gcultúr agus i dteanga na nGael agus a raibh léargas domhain aige ar shaol an dúlra agus an saol eile.