Bunaíodh Coiste na Gaeilge sa scoil Meán Fómhair 2024. Bhí deis ag daltaí ó ranganna 3 – 6 a n-ainmneacha a chur ar aghaidh le bheith ar an gcoiste. An fís atá ag an gcoiste ná an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil trí fheachtais agus imeachtaí spraoiúla a eagrú. Roghnaíomar an dearcán mar shiombal don choiste toisc go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil ag fás agus ag neartú ar fud na scoile.
Bhí an coiste gnóthach i mbliana – d’eagraigh siad feachtais chun labhairt na Gaeilge a fhorbairt i measc daltaí ranganna 3 – 6. Ag deireadh an fheachtais thug siad cuireadh do na daltaí a bhí tar éis iarracht ar leith a dhéanamh Gaeilge a labhairt teacht chuig cóisir. Bhí an-spraoi againn ag an gcóisir.
I mí na Samhna, le cabhair ón gcoiste, ghlac an scoil iomlán páirt sa dúshlán ‘Gaeilge 24’ agus rinneamar iarracht Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig. D’éirigh go hiontach linn agus bhailíomar suim iontach airgid do Chonradh na Gaeilge.
Chun tús a chur le 2025 d’eagraigh an coiste Tráth na gCeist sa halla do ranganna 3- 6. Bhain gach duine an-taitneamh as an ócáid.
Beidh an choiste an-ghnóthach i Mí an Mhárta ag eagrú imeachtaí éagsúla do Sheachtain na Gaeilge. Táimid ag súil le dul ó neart go neart.

