Tá sé mar aidhm againn i Scoil Chearbhaill Uí Dhalaigh ár ndícheall a dhéanamh sár-oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith linn dearcadh dearfach agus grá don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a spreagadh sna daltaí agus timpeallacht agus atmaisféar Gaelach a chruthú agus a chothú sa scoil.
Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí, an bhainistíocht agus na tuismitheoirí / caomhnóirí (nuair is féidir é) i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh.

