Bhailigh grúpa le chéile, mí Eanair na bliana 1979. Bhí fís acu oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí an cheantair.
Osclaíodh an scoil ar an 11/09/1979, le trí pháiste déag, gan dideán ar bith.
Glaodh an rolla i gclubtheach an C.L.G. agus cuireadh na páistí abhaile. Ba é seo an chéad ghaelscoil ar imeall iarthar na cathrach.
Tógadh dhá sheoma réamhdhéanta, athlámhach. Scoil scairte a bhí inti. Glaodh “puth gaoithe a d’imeoidh le gaoth” ar dtús ar an scoil ach tháinig “Lá na Gaoithe Móire”, ansin. Tharla stoirm tornaigh agus séideadh an díon den scoil. Ní túisce é sin imithe ná gur scuabadh binn na scoile le gaoth. Scaipeadh leabhair agus páipéir na scoile ar fud sceaca, crainn agus páirceanna Léim an Bhradáin.
An bhliain dár gcionn tugadh dídean do chuid de na ranganna sa mheánscoil Íogánta, Coláiste Chiaráin.
Sa bhliain 1986 bogadh an scoil go sean-acadaimh Léim an Bhradáin – Scoil na gCailiní agus Scoil na mBuachaillí. Bhí imní ansin, go bhfágfaí Scoil Uí Dhalaigh i bhfoirginimh shuaractha a bhí treighte ag scoil eile.
Sheas coiste tuistí, múinteoirí agus cairde na scoile go láidir le chéile ar son cearta a bpáistí, áfach. Thaistil siad go hArdfhéis Fhianna Fáil agus go hoifige na Roinne Oideachais agus ar deireadh, osclaíodh ocht seomra ranga nua sa bhliain 1993.
Go gairid ina dhiaidh sin, ceannaíodh páirc imeartha ón bparóiste.
Bhuail siad chun bóthair arís, an uair seo, chun tearman a chur ar fáil don phobal Gaelach, áit a bhféadfaidísa dteanga dhúchais a chleachtadh agus a n-oidhreacht shaibhir a chothú. Chabhraigh an Roinn Ealaín Oidhreachta, Cúltur agus Gaeltachta leis an bhfeachtas seo.
Bronnadh gradam “Eacht na Mílaoise” ar mhuintir Scoil Chearbhaill Uí Dhalaigh agus é tuillte go maith acu.
Is cruthú ar dhícheall, ar dhíogras mhuintir agus ar dhílseacht mhuintir Scoil Uí Dhálaigh an t-áras breá “Brú an Bhradáin”. Go mbainimis spraoi, sport agus tairbhe as.
